Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn na cailíní ag déanamh babóg as éadach, agus cuireann siad olainn mar ghruaig ortha. Déanann siad slabhraí de nóiníníbh, agus dhá gcur timcheall a muincálaibh. Bíonn siad ag déanamh bláth. Fhleascann as billeógaibh crann. Déanann buachaillí topaí d'adhmad. Déanann siad gunnaí as crann truim, agus feadóga as crann fuinneoige. Déanann siad ciseain as clataibh lá sneachta chun breith as éanaibh. Is é an chaoi a mbeireann siad ar choiníníbh inÁrainn ná píosa "Wire" lag, agus súil air a chur ar an bpoll a dtéigheann an coinín isteach ann. Téigheann sé i bhfostodh san "Wire". Bíonn na buachaillí ag déanamh bád beag agus dhá gcur amach as an fhairrge. gheibheann na daoine "Mangel". Baineann sad an t-adhbhas bán as go dtí an craiceann siad poll taobh istigh le haghaidh coinnil, ag críoch caol a "Mangel". Bíonn laindéas déanta abbsin. Cuireann siad luath i gcanna. Dóirteann siad ola mhór air, agus lasann siad é. Téigheann siad annsin go dtí áit a mbíonn éin ina gcodladh. Nuair a dhúisigheann na héin téigheann siad timcheall ar an solas, agus bíonn sé an-éascaidh breith ortha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Flaithbhearta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe