Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 233
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 233
- XML “Bóithre an Cheantair”
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Ta bóthar ag dul síos ó Fhearann an choirce go dtí an fharraige ar a dtugtar bóthar na Muirbhigh. Rinneadh é roimh aimsir an droch shaoghail. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Chuir an riaghaltas an obair sin ar bhun. Sé an riaghaltas freisin a thug bpáigh dhóibh. Níl aon chasán ann ar a dtéidheann na daoine ag Aifreann nó ag aonach. Tá an bóthar seo i-n-úsáid fós. Rinneadh cuid mhór bóthar i-n- aimsir an droch shaoghail. Sé an páigh a thugtaí dhóibh an uair sin deich bpigne san tseachtmhain. Bhíodh mná ag obair ar na bóithríbh sin. Sé an páigh céadna a bhíodh do na mnáibh is a bhíodh do na fir. Tá bothar eile ag dul ó Chabhruabhach air. Bíonn daoine ag dul ann fós. Rinneadh é tuairim 100 bliadhain ó shoin. Tá sé in úsáid fós. Sé an páigh céadna a bhí siad ag fághail agus a bhí siad ag fághail nuair a bhí bóthar Fhearainn an choirce dhá dhéanamh. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Sé an righaltas a thug cead dóibh caoi a chur ar.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghillín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gillín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe