Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 281
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad seo ainmneacha ainmhidhte na feilme, bó, capall, asal, caora, gabhar agus gamhain. Ní cuirtear aon ainmhidhthe aca seo isteach sa Samhraidh; acht cuireann chuile dhuine a bhfuil stábla aige isteach iad sa nGeimhreadh. Tugann na daoine deoch min-coirce dí. Ní tugtar aon uisce dí go dtí an lá ina dhiadh sin. Craithtear min-choirce ar an laogh nuair a beirtear é, agus baineann an bhó de é le na teangainn. Freisin fuiltear ar an laogh mar tá sé ráidhte mara bhfuilfidhe air i dtosach tairneóchaidh easóg a chuid fola. 'Sé an chaoi a bhfuiltear air sgor sceine a chur ina chluais, agus fuil a leigint. Sé an chaoi a nglaodhtar ar na gamhnaibh "Suc! Suc!" ar an gcapall agus ar an asal "Pró! Pró!". Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na caoirighíbh "Shabha! Shabha!" ar na gabhraibh "Beta!Beta!"
'siad seo éanlaith na feilme: an chearc, an lacha, agus an ghé. 'Sé an chaoi a nglaoifhtear at na cearcaibh "Tioc! Tioc!" 'Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na lachanaibh "Feed! Feed!" ar na géadnaibh "Beadaigh! Beadaigh!"
Sé an chaoi a gcuirtear ál circe síos bosca agus tuighe ann ar dtús, agus caonach ar a bharr. Annsin cuirtear uibheacha ó's cionn an chaoinaigh agus an chearc ó's a chionn sin. Fágtar mar sin go dtí lá ar na bháireach í, leightear as an nead ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mór Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe