Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 137
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buachaill.
- Aon uair amháin, bhí chúig bhean i bpáirc eornann. Ní raibh aon ghasúr ag ceachtar aca, acht ba mhaith leo go bfuigheadh siad páiste ar an bpoinnte. Fuair siad ubh ghé a bhí chomh mór le cloigeann fir. "Chonnaic mise", ar an gcéad dhuine é" adeir an darna duine. "Beidh sé agamsa", adeir an treas dhuine. Bhí siad ag corraidheacht, agus ag troid faoin uibh go ceann tamaill; acht sa deire shochruigh siad go rachadh siad ar gor ar an uibh ar nós na géadh. Shuidh an chéad bhean ar feadh ocht lá. Nuair a bhí sí dhá lá i n-a suidhe ar an uibh chualaidh sí rud ag corrughadh isthigh innte, agus is gearr gur thosuigh sé ag rádh, seadán agus bainne gus anbhruith, agus min-choirce. Shuidh an darna bean uirthi annsin ar feadh ocht lá, agus mar sin go dtí an cúigheadh bean. Nuair a bhí an cúigeadh bean 'na suidhe ar feadh ocht lá, chuir sí poll ar an uibh; agus in-áit géadh óige, cad thiocfadh amach as acht páiste a raibh cloigeann gránda mór air. Nuair a tháinig sé ar an uibh ba é an an chéad rud a dubhairt sé seadán, agus bainne, agus anbhruith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe