Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 196
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 196
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Eitinn:
Deirtear go bhfuil na Nóiníní indon daoine a bhfuil an Eitinn ortha a leiggheas dá mbeidís bruithte agus ollmhuighthe mar is cóir; acht níl na daoine indon é sin a dhéanamh leo.
Easbadha:
Tá lubh ar a dtugtar Muinnbhead agus bruithtear thríd uisce é agus cuitear leis an áit a mbíonn na hCasbuidhí é agus leigheasann sé iad,
Gortughadh At:
bruithtear luibh ar a dtugtar Ocas agus cuirtear é leis an áit a bhíonn athta nó gortuighthe. Cuirtear ke ainmhidhthribh a bhíonn tinn é freisin. Tugann eibheann le n-ithe do ainmhidhthibh a bhíonn tinn is cuma cé'n tinneas a bheadh ortha, agus tugtar dóibh mara mbeadh siad tinn chor ar bith.
An Triuch:
Ba é an leigheas a bhíodh aca ar an Truich: chuiridís páiste fá bholg asail.
An leicneach:
Ba é an leigheas a bhíodh aca ar an leicneach: chuiridís flich a bhíodh téidhte leis an teinidh, leis an leiceann a bhíodh athta agus déanadh sé maith dhó. Rud eile do dheinidís nuair a bhíodh sí air a chloigeann isteach i bhfail muice agus deireadh sé,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Shéamais Uí Fhatharta
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe