School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn na gasúir ag bualadh cead, agus ag imirt "Marbles". Bíonn siad ag bualadh top, agus ag imirt snapaí. Caithtear suas san aer iad agus má bhíonn ceann an chnaipe ionntuighthe suas nuair a thagas sé ar an talamh beidh an buadh ag an duine a chaitheanns é. Bítear ag bualadh liathróide san aer freisin. Bíonn an cailíní ag imirt screaga a dhéanann siad ar clochaibh. Is cuma cruinn a bhíonns ortha. Is chúig cinn desna sgreagraibh do bhíonns ag gach duine. Bíonn na gasúir ag déanamh cliabhán éin le sailigh agus coll, agus bíonn siad ag breith ar luin agus smólachaibh agus ar druideachaibh. Bítear ag déanamh gunnaí de'n chrann truim agus ag caitheamh uisce agus piléirí leo. Bíonn na gasúir ag déanamh súl ribe le ruadhóig le breith ar choiníníbh, agus cuireann siad suil ar an ruadhóig. Cuireann siad an pholl an choinín í. Nuair a bhíonn an coinín ag teacht amach ar an bpoll cuireann sé a cheann isteacj san tsúil agus fáisceann an tsúil ar a mhuineál agus coinnigheann sí é.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Uá Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe