Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann gach duine insan áit seo fataí mar a bhfuil corr dhuine. Ullmhuigheann na feilméirí an talamh ina gcóir. Bíonn sé na gharrda báin ar stúd. Faoi Shamhain cuirtear sean-leasughadh ar le feamain dearg. Sé an mínuighadh ata le sean-leasughadh an chéad leasughadh a cuirtear ar an ngarrdha. Nuair a thagtar tús an Mhárta téidheann siad ag baint aith leasuighthe ar a dtugtar feamain dhubh. Gearann siad na sciolláin annsin agus fágtar seachtmhain gearrtha iad go searchuigheann siad. Annsin déantar na h-iomairí, agus scartar iomaire feamna duibhe agu na síolta ó's cionn na feamna duibhe, agus mar sin de go mbeidh an garrdha críochnuighthe. Sé an chaoi a ndéantar na hiomairí: An iomaire a fhágáil tuairim's sé troighthe ar léithead, agus an fad atá san dgarrdha a bheith san iomaire agus clais a fhágháil idir gach iomaire agus na ríolta a chlúdúghadh leis an bhfód atá san gclais agus déantar na n-iomairíbh iad.
    Is le spáid a déantar na h-iomairí, agus a cuirtear na fataí. Úsáidtear céachta le h-aghaidh cruithneachta agus arbhar a chur. Níl morán aca san oileán. Ní bhíonn aon chéacta d'ádhmad san gceanntar, acht céachtaí déanta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Flaithbhearta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe