Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 248
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na luibheanna atá go dona ag an talamh an chupóg Ruadh, Crúba buidhe agus an Deosadán. Sé an díoghbhail a dhéanann siad, bochtuigheann siad an talamh agus millean siad an talamh. Is ar thalamh mhait a fhásann an Deosadán agus an chupóig Ruadh. Is ar thalamh bocht a fhásann an Neantóg agus na Crúba buidhe. Tá leigheas ag an Meacan Leoin ar láimh a bheadh leonta. Sé an caoi a gcuirteaar in úsáid é a chur le do láimh. Tá an fhiolún go maith le h-aghaidh Canncair. Leigheasann an teangaCapall dóghadh. Leigheasann buachaill an tíghe súile tinne. Tá deiligní air, agus bíonn súgh ann agus cuimiltear do'n tsúil é. Leigheasann lus na bhFranncach é. Sé an chaoi a gcuirtear in úsáid é, é a mheilt agus é a ghlanadh agus an súgh atá ann a fháisceadh, uisce a chur air agus é a ól. Dáthochadh neanntóga éadach acht bhéarfadh sé dath gránda air. Tá nimh insan Meacan Caorach, mar dhá n-íosfadh na caoirigh é chaillfidhe iad. Bhíodh daoine áithrídhe ag cur caoi ar luibheannaibh agus ag leigheas daoine leób. Bhí bean in Árainn ar a dtugtar; Nella an Tower". Bhí sí indon úsáid a dhéanamh de luibheannáibh le daoine a leigheas. Ba as Cillcinde an bhean sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe