Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 220
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 220
- XML “An Drochshaol”
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Nuair a bhí an droch-shaoghal ann fadó do loic na fataí, beagnach ins gach chuile áit. Tá sé sin tuairim is dhá chéad bliadhan ó shoin. Cuireadh na fataí agus tháinig na barranaí aníos. Tháinig an Dubhachán ortha, agus maidin amháin nuair a d'éirigh na daoine d'airugheadar an boladh a bhí ó na barrainaíbh. Tharla sé sin tuairim lá'l t-Sin Seain. tháinig an bhliadhain sin go dona. Thánig an gorta agus tinneas ar na daoiníbh. Cailleadh an cuid is de na daoiníbh, acht mhair corr-dhuine, agus séard a sheas dóibh sin biadh an chladaigh. Bhídís ag ithe báirneacha, sleabhcháin creathnaigh, faochan agus carraigín. Bhruichidís na báirnigh, agus chuiridís min bhuidhe ar an rúgh. An bhliadhain ina dhiadh sin chuireadar fataí darbh ainm "Regions" Fuair siad ó'n tighearna talamhna darbh ainm "Major Fair" d'fhás siad maith go leor. Ní raibh siad i bhfad ag médughadh san ithir, agus faoi cheann cúpla bliadhan bhí a ndóthain fataí agus bidh acu. Ní raibh aon ghorta ariamh a bhí chomh dona leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mór Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fátharta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe