Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar i gCilléinde ar a dtugtar Dabhach Éinde. Bhí uisce ann uair amháin, acht do thriomuigh sé mar bhí minnisteár ag dul thart ann, agus do nigh sé a chosa ann, agus níl aon uisce ann ó shoin. Tá tobar eile i gCilléinde ar a dtugtar Tobar Chuilm Chille. Téigheann na daoine go dtí an tobar ar an 9 ad lá de Mheitheamh Nuair a théigheann siad go stí é baineann siad díobh a gcuid bróga, agus tá altóir cloch déanta ann, agus tigheann siad ar a nglúiníbh ó's comhair na h-altóra. Tógann siad seacht glocha agus téigheann siad timcheall ag rádh an Phaidirín Pháirtigh. Nuair a thiocfas siad go dtí an altóir caitheann siad an chéad cloch isteach , agus leanann siad mar sin go mbeidh na seacht gclocha caithte isteach. Annsin téigheann siad ar a nglúiníbh agus tá an tura déanta acu. Tá tobar i Mainistir ar a dtugtar Tobar Chiaráin. Tá Mainistir ann freisin ar a dtugtar Mainistir Chiarain. Tugtar an turas go dtí Mainistir Chiaráin ar an 29 ad lá de Meodhon Fhógmhar. Téightear timcheall an tobair agus deirtear paidreacha ar an bpaidirín. Tá tobar i gCabruabhach ar a dtugtar Tobar Cheathrar Áluinn. Téigheann daoine annsin go minic, agus níl aon am áithrídhe le h-aghaidh turais do'n tobair sin. Dhá gcuirfeá turas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Flaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flaithbheaerta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe