School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 139
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 139
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Corr-am bhíodh an diabhal ag eiteall ansan aer. Tháinig sé suas leis ach choinnigh fear na h-uibhe an 'club' taobh thiar de, agus nior fhéad an diabhal an t-airgead a fhághail uaidh. Tharrainng sé iarraidh den 'club' ar an diabhal, agus thuit sé, agus briseadh a chos. Thug sé an t-airgead ag an rígh agus thug an rí go leor saibhris dhó.
An Páiste a scríobh é : Maire Ní Dhomhnaill, Gort na gCapall,
Cillrónain, in Árainn.
Baile Fearainn : Cillmhuirbhigh.
An duine a thug dom é:
Mícheál Ó Dómhnaill (m'athair). - Sgéal Grinn
Bhí protustún ann fadó, agus bhí sé pósta. Bhí inghean ag an mhnaoi, agus fuair an t-athair bás. As sin go ceann scaithimh nuair a bhí an inghean 'na mnaoi, thug sí faoi deara í fhein ag séipéal na gCaitiliceach. Ag an séipéal an lá sin chuaidh sí isteach san suidheachan agus bhí chuile dhuine ag breathnughadh uirthi, fiú an sagart fhéin. Nuair a bhí an tAifreann ráidhte chuaidh sí abhaile ag a máthair. Dúbhairt sí le na máthair gur deas an áit é an séipéal. An Domhnach ár gcionn bhí sí ag iarraidh gabháil ann ach níor leig a máthair ann í.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Flaithbheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Bairbre Ní Mhaoláin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. na Gaillimhe