Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus min-choirce Gránda mar bhí sé, bhí cion aca air; ach bhí locht amhain air, mar d'íosfadh sé gach a mbíodh aca de gach saghas biadh. Nuair a gheobhadh siad mias anbhruithe le h-aghaidh an suipéar aca shluigfeadh sé ar fad é, agus b'éigean dóibh é a dhibeart. Nuair a bhí fhios aige nach raibh siad sásta le é a bheathughadh d'imthigh leis le-na bheatha a shaothrughadh ar fud an domhain. D'imthigh leis go dtáinig sé go dtí pálás an Ríogh, agus fuair sé obair. Bhí neart bídh le fághail aige annsin. Bhí sé ag tiubhairt conghanta do na cailíníbh uisge agus adhmad a iompar go dtí an chircín. Dubhairt siad leis na crainnte a bhaint. Chuaidh sé go dtí an Gabha go ndéanfadh sé tuagh a mbeadh cuig chéad mheadhchain ann le go mbeadh sé ina chumas an choill uile do bhaint. Níor thaithnigh leis an rígh gur mhill sé a choill. 'Is iongantach an fear oibre thú' a deir an rí, 'ach cé mhéid a itheann tú?'Caithtear dhá bhairrle dhéag min-choirce a bhruith le na dhóthain a thiubhairt dó', a deir an Rí, agus le deire a chur leis an bhfear a tháinig leis an uibh tháinig námha ag an Rígh. Rinne an Gabha deis cogaidh dó. Do bhí 'club' aige a bhí cúig thona i meadhchain, agus bhí sé ina chumas é a iomchar. Nuair a chuaidh sé os comhair an námhad bhuail sé an 'club' ar an talamh, agus chraith sé na h-ailltreacha, agus clocha. Nuair a chonnaic an námha an rud a rinne sé rith sé le scannradh. Thainig sé ar ais ag iarraidh tuillimh oibre ar an Rígh, ach ba mhaith leisean deireadh a chur leis ar fad.Annsin chuimhnigh sé é a chur ag an diabhal le teachtaireacht. Dubhairt sé leis a dhul ag an diabhal, agus cíos talaimh a fhághail uaidh. Nuair a shroich sé an diabhal ní raibh istigh ach a mháthair, ach thug sí dó an t-airgead. Ní raibh sé i bhfad imthighte nuair a thainig an diabhal isteach.D'innis an mháthair cad a thárla. Bhí olc air, agus d'imthigh sé ar lorg óganaigh na h-uibhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhómhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe