Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cuid de'n sna ainmhidhthibh fíadhána atá le fághail in Árainn An coinín, an luch, an t-all chuach an easóg. 'Sé an chaoch a bdéanann an coinín a nead thíos i bpoll ina mbíonn calamh bog agus nuair a bhíonns coiníní óga aice dúnann sí an poll nuair a imthigheann sí uatha ag fághail bídh dóibh. Is cuma leis an luich cá ndéanann sí a nead, acht an áit is feileamhnaighe di. Is faoi n leacrachaibh agus na clocha a bhíonns nead ag an tall chuach. Is a n-iomairce fataí a dhéanann an easóg a nead de ghnáth. Is féar glas a itheann an coinín agus itheann an luch arán agus marbhuigheann sí coiníní freisin. 'Sé an chaoi a mbíonn an easóg ag marbhadh coiníní, luch agus éan, agus dhá n-ithe. Itheann na daoine coiníní agus marbhuigheann na h-easóga ortha iad. Déanann an franncach níos mó millteanais ná leas. Seo cleas do bhí ag an mada ruadh. Chuaidh fear lá amháin as Conn Mhaicne Mara go Gaillimh ar mhargadh. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an mada ruadh istigh roimhe agus millteanas mór déanta aige. "Tá tú ingreim anois" arsa an fear leis, agus d'fhan sé ag an dorus ar fhaitchíos go ngabhadh an masa ruadh amach. Rug an mada ruadh ar phéire bróg agus chaith sé san teinidh iad ag ceapadh go ngabhadh an fear dhá sábháil agus go n-imtheochadh sé féin amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe