Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní maith le daoiníbh tosughadh ar aon obair Dia Satharn, acht dar le daoiníbh is ádhmhail an rud tosúghadh ar chur fataí, coirce, cruthneachta agus rudaí mar sin. Dia h-aoine. Bhíodh na nósanna seo coitcheanta anois. Ní dhéanann cuid mhór de na daoiníbh mórán oibre "lá Crosta na bliadhna", acht ní thosuigheann aon duine sean ná óg ag déanamh tíghe nuadh ná ag cur síol ná aon chuireadóireacht an lá sin. Deir na sean-daoine go mbíonn "lá Crosta na bliadhna" ann gach seachtmhain san mbliadhain. Ba gnás le na sean-daoiníbh cuid mhór ubh ithe Dómhnach Casga. Ba gnás eile a bhíodh aca dá bhfuigheadh gasúr nó duine fásta ar bith toirtín cupla uan óg roimh Dómhnach cásca nó roimh lá'l Pádraig gheobhadh sé sé ubh agus dá bhfuigheadh sé toirtín aon uan óg amháin ní bhfuigheadh sé acht trí ubh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Flaithbhearta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe