School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i d-Taobh na h-Aimsire.An Spéir
1. Nuair atá dath dearg ar an spéir tráthnona agus an ghrian ag dul síos comhartha fearthanna é.
2. Nuair atá an spéir ar dhath an mhuirlis (Murlais) deirtear gur comhartha fearthanna é. Nuair atá an spéir mar seo atá sí cosamhail leis an murlais nó ( Mackeral), giota dí dubh agus giotaí éadtroma le n-a taobh sin.
3. Nuair atá cuid mhór píosa bána nó stríocanna bána insan spéir deirtear go bhfuil cuid mhór "fionnaidh gabhair" innti, agus is comhartha droch-aimsir é seo.
4. "Copper-coloured sky" nó spéir de'n dath sin tráthnóna agus an ghrian ag dul síos comhartha droch-aimsire.
5. Spéir ar dhath an óir tráthnóna agus an ghrian ag dul síos comhartha maith ar an aimsir.
6. Nuair atá an "Milky Way" ann insan spéir deirtear nach comhartha maith ar an aimsir é.
7. The Aurora Borealis a bheith ar amharc leanann droch aimsir í. Bhí sí ann fuair le bliadhain agus lean an doineann mhór i n-a sálaibh.
(ar leanamhaint ar an taobh eile)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Dáithí Mac Seáin
- Gender
- Male
- Address
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Liam Mac Gabhann
- Gender
- Male
- Address
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Address
- Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Micheál Ó Gallchobair
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Easa, Co. Dhún na nGall