School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 465

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 465

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 465
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí triúr iníon aici.
    Maidin amháin dúirt sí le duine aca dul amach ag sricheál na gcearc.
    Nuiar a chuaidh an cailín amach thug sí bia dos na cearca agus d'fhan sí ag féachaint ortha ar feadh cúpla neomat. Tháinigh an coillichín dearg agus ní leighfidh sé dos na cearca an bia a ithe ach d'ith sé féin é go léir. Chuaidh an cailín isteach agus dúirt sí lena mháthair. "Lean é agus buail é agus buail go maith é" arsa a mháthair. Chuaidh an cailín amach ag leanamhaint an choillicín dearg ach dá leanfadh sí as seo go deire an domhain é ní bhfuigheadh sí breith air.
    Nuair a chuaidh sí isteach dúirt an máthair léi ná raibh aon maitheas innte agus ná fhuigheadh sí breith ar an coillichín dearg. An dara maidin chuaidh an dara iníon amach ag sricheál na gcearc. Tháinigh an coillichín dearg agus thosnuigh sé ag ithe an bídh ar na cearca.
    Chusidh an cailín isteach agus dúirt sí lena mháthair. "Lean é agus buail é agus buail go maith é" arsa a mháthair. Chuaidh an cailín amach agus thosnaigh sí ag leanamhaint an choillicín ach ní bhfuigeadh sí breith air.
    An tríú maidin dúirt an mháthair leis an tríú iníon dul amach. "Ní raghadh " arsa sise "Té amach tú féin agus beir ar an coillichín dearg"
    Chuiadh an máthair amach agus dar ndóigh ní fuair sí breith ar an coillichín dearg. Thagadh an coillichín dearg gach aon lá agus bhíodh sé ag ithe an bídh ar na cearca agus ní bhfuigeadh aoinne breith air. Léim sé suas ar cheann an tríú iníon agus cailleadh í.
    Bhí capall bán, capall dearg agus earball dubh ar an coillichín dearg.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Chuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Bríghid Ní Fhóghlú
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge