School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 442
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go dtí sochraid agus bhí capall dialaithe aige. Bhí sé an-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
Bhí tigh ósta ar an áit agus chuaidh sé isteach agus d'fhan sé ag ól go dtí go raibh sé an-dhéanach.
Tháinigh sé amach agus chuaidh sé in áirde ar an gcapall agus bhí sé ag imeacht leis agus chonaic sé cú istig sa díagh. Do lean an chú é agus léim sé in áirde ar an gcapall agus rith sé chun siúl. Nuair do throis sé abhaile chuir sé an chapall isteach sa stábla.
Do chuaidh an fear isteach agus chuaidh sé a codladh agus nuair d'éirigh sé ar maidin bhí an capall tar éis bháis.- Collector
- Seumas Moinbhíal
- Gender
- Male
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-eaglach.
Chuaidh sé go hEochaill lá agus bhí sé an-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Chuaidh sé isteach go tigh ósta agus bhíodar ag ól agus ag imirt cártaí. Nuair a bhí sé chun teacht abhaile d'fhéach sé ar an gclog agus bhí sé dá bhuille dheug. Bhí sé ag teacht leis go dtáinigh sé go dtí lios(continues on next page)