School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 424

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 424

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 424
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann fadó agus do bhí roinnt leanbhaí aige. Do bhí sé an-bhocht agus sa deire d'fhág sé iad agus dúirt sé leo go mbeadh sé ag teacht abhaile tar éis cúpla bliain.
    D'imigh sé leis agus sa deire chuaidh sé isteach go dtí bean feirmeora. D'fhiafraigh sé di an dtógadh sí é mar fear oibre. Dúirt sí go dtógfadh sí é go ceann bliaina agus seacht bpúint mar pá. Do bhí san go maith.
    Do chuaidh an fear ag obair. Nuair do bhí an bliain caite aige do chuaidh sé go dtí an bean fé dhéin a thuarascáil. D'fhiafraigh an bean de cioca is fearr leis comhairle nó pá. Dúirt sé go bfearr leis comhairle. Dúirt sí leis gan dul a codladh in aon tigh go mbeadh sean-duine agus cailín óg pósta.
    Bhí san go maith is ní raibh go h-olc.
    Dúirt an fear leis féin ná raibh sé aon mhaith dó dul abhaile fós agus dúirt go bhfanfadh sé bliain eile. D'fhan.
    Nuair do bhí an bliain caite aige d'fhiafruigh an bean de arís cioca bhfearr leis comhairle nó pá. Dúirt sé go bfearr leis comhairle.
    Dúirt sí leis gan rud a dhéanamh inniú go mbeadh lathughadh air amárach.
    Dúirt an fear ansin go gcaithfeadh sé dul abhaile pé rud a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Treó
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge