Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mo Cheantar Féin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sé Dubh-Aírc an baile a bhfuil comhnuidhe orm. Cill tSéine an t-ainm ata ar mo pharroiste agus Iorrais ar mo bharúntachta. Tá dhá sgór go leith de thighthe sa mbaile seo. Tighthe cluduigthe lé iarann is coitchinne ann.
Is beag teach ceann tuighe a d'fheicfeá ins an áit anois acht amháin corr ceann fánach annseo agus annsúd. Ní raibh aon teach sa 'líne úr' i dtosach mar bhí siad go léir thíos ar an gcladach. Timcheall is sgór go leith bliain o shoin a deineadh iad. Is e 'Cumann na gCeanntar gCumang' a rinne doibh iad.
Tá cupla teach cludaighthe le sgláraí ann. Tá go lor sean-daoine san áit agus is féidir leo sgéalra a innsint i mBéarla agus i nGaedhilge.
Seo cuid acu: -
Cait (Bean) Uí Guidhir.
Eoghan O Cathán.
Padraig Mac Gamhain.
Maire (Bean) Uí Chinnéide.
Is gnáthach le go leor daoinibh a dhul go America on áit seo. Níl an talamh saibhir sa pharróiste agus nil aon chuid de faoi coillte

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maighréad Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Seán Ó Cinnéide
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
56
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Dumha Dhearc