Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_046
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an Éarrach bhí go leór currach ag iasgaireacht langaí. Ins an tráthnóna tháinig ceo, agus tháínig siad isteach. Ní raibh morán baoití aca agus chuaidh siad go Inisthíor. Bhí ceó an-trom ann. Shroisuigheadar an t-oilean slán. Nuair a bhí na baoití fáighte ag cuid aca tháínig siad arís acht d'fhan dhá currach aca thoir. Tháinig an ceo níos truime nó gur ar éigin a d'fheicfeá duine a bhéadh an taobh eile dhíot. D'fagadar an t-oileán agus shil siad gur ag teacht go dtí an t-oileán a bhí siad. Bhí taoille tuille ann agus tharraing sé le fánaigh iad. Bhí siad ag imtheacht leó ar feádh na h-oidhche agus gan fhíos aca cá raibh siad ag dul. An lá in na dhiaidh sin bhí sé chomh dona céadna agus bhí siad ar an bhfairrge. Ní raibh a fhíos aca cad a deánfheadh siad. Bhí siad ag ithe an iasg fhuair a bhí san gcurrach aca le ocras. Tar éis dhá lá a chaitheadh amuigh shrois ceann aca coasta Chonndae an Cláir agus chonnaic cailín beag iad a bhí ag bréathnú ar caoirigh. Chuaidh sí go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann