School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inishmaan, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe

Filter stories

Back
/ 10_023 Forward
Resolution: Low | High
Inis Meáin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_029

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá go leor luibheanna ann ghnitheas dochar don talamh ar nós brannfhear, cabóg ruadh, ruibh preachán, neantógaí, sleasanna cabógaí milis agus driseacha. Cuireann siad sin ar fad na barraí ó fhás. Tá leigheas le fághail i meacain leoin, i nglunach dearg agus i buileanna. Níl sé ceart maide siubhail a bheith agat as sgeich bháin. Itheann na daoine duileasc agus tugtar dos na muca freisin é le n-ithe. Fásann an duileasc sa gcladach ins na buláin. Bítear ag dathú snáth fadó le luibh chun dath buidhe a chur air. Is amhlaidh a chimilidís an luibh don snáth agus go mbeadh dath buidhe air. Tá planndaí ann go bhfuil nimh ionta - boidín gemridh agus bainne bó bleachtáin. Tá an bainne bleachtáin an dona le n-ithe.