School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach cad a chífeadh sé ach an mairnéalach, dar leis, na shuidhe in áirde ar an túma agus é ag tarrach tobach, siúd leis go dtí an Minister agus scannradh air, agus d'innis sé an sgéul dó."Caithfidh tú mise do bhreith leat ar do dhrom go dtí an reilig" arsan Minister. Bhuail se a bhrat geal air agus siúd leis ar dhrom an cléirigh go dí an reilig. Nuair a bhiodar ag déanamh ar an ngeata chonnaic an buachaill a bhí sa reilig iad agus cheap sé gurbh é a chomráide a bhí ag teacht leis an gcaora. "Bhfuil sé reamhar?" arsa sé. "Ciaca reamhar nó tanaidhe é, seo dhuit é," arsan cléíreach ag caitheamh an mhinister d'á dhrom agus as go bráth leis. Do léim an Minister ar a chosaibh agus siúd leis abhaile agus sgeón air agus is túisge a bhain sé an tig amac ná an cléireach bhí an méid sin de scannradh air.
- Collector
- Gobnait Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán, Co. Kerry
- Informant
- Nioclás Mac Geaqrailt
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán, Co. Kerry