Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 778

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 778

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 778
  3. XML “Seanscéal - Ministir agus Spioraidí na Mairnéalach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall céad bliadhan ó shoin do bádhadh lung darabh ainm dí 'Laura,' i gCuan Bhranndáin ar an dtraígh in aice na Machaire. Cailleadh na máirnéalaigh go léir. Tar éis roinnt lá fuarathas cúpla corp ar tráigh a' Mhachaire. Deineadh iad do thórramh agus cuireadh iad ins a' reiligh i gCilliney in aice le Caisleán Ghriaghaire. Protustúnaigh abeadh iad agus Minister a léígh na paidreacha ortha. B'é nós an uair sin máirnéalaigh do chur le'n a gcuid éádaigh ortha agus cúpla culaith éádaigh eile tobac agus rum do chur isteach san uaigh leo.
    Bhí beirt buachaill bocht ag féachaint ar na máirnéalaigh á gcur agus thánadar an oidhche céadhna agus d'oscail siad an túma agus thógadar amac an téadach an tobac agus an rum. "Seadh" arsa duine aca, "Bheimís ar mhuin na muice anois dá mbéádh blúire feola le nithe againn. Téir-se suas go dtí garrdha an Mhinister agus tabhair anuas leat (?) caora."
    Fad a bhí an buachaill eile imthighthe d'iarraidh (?) na caorach tháinig giolla an Mhinister go dtí an reilig cun an geata do dhúnadh, agus pé féachaint a thug sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gobnait Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Nioclás Mac Geaqrailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry