Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 863
- XML “Luibheanna”
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-úcán. Deirtear go bhfuilid ana slántúil. Bíonn an brioscalán ag fás istig i sgeac sailighe. Tá préamh bán fada air agus tá sé ana dheacair cun tairingt. Tá an mealúchán nach mór ar nós an brioscalán acht tá préamh gairid aige, agus tá an préamh ana deas len ithe. Sé an pairseach bhuidhe an salachar is gráinidhe dhíóbh go léir acht amháin an fuilig, mar an áit a bhíonn an dá rud san ag fás, talamh gan mhaith iseadh é mar tógann siad an mhaitheas a bhíonn ar an dtalamh chúca féin. Fásann an feóchadán agus an buachalán i dtalamh maith acht fásann an cuid is mó des na luibheanna eile i dtalamh bocht. Maitias Ua Dúbhda,
Baile na Leacan - Siad so na luibheanna is gnáthaí sa talamh annso; Fuilig, Pairseach bhuidhe, glunlac dhearg, brioscalán, feóchadán agus an buachalán.
Fásann an brioscalán i bpáirc go mbíonn prátaí curtha ann. Fásann an pairseach bhuidhe ar talamh bocht agus tógann sé an mhaitheas as an talamh. Deintear dathú as fóra na frog agus préamh de cupóg. Deintear na préamhaca do bheiriú agus nuair a bheadh siad beirbhuighthe deintear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gerard Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí