Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 842

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 842

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 842
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá plánnda ann ar a nglaodhtar meachan air. Fadó do bheiridís é agus dithidís é cun slaghdán do leigheas. Do gheibhidís éidhneán agus bheiridís é agus deineadh ar nós caipín é agus cuiridís anuas ar an ceann é. Dá mbéadh an ceann tinn. Tá plánnda cudmali air. Bheiridís é agus cuiridís siúcre agus ditheadh é, tá ana mhaitheas air cun casachtach. Dá fliucfá leathanach de thobac agus é cur le n-aoscóid deineadh sé é do leigheas. Dá níosfá muinghéan beirighthe deiridís go bhfuil sé go maith don bholg. Geibhtear tobac agus deintear é brughadh go maith go dtí go mbíonn sé ar nós bruscar agus é mheascaithe le siúcre cuirtear isteach i súil caoire a bheadh dall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michéal Ó Duínn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Duínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
  2. Tá meacain ag fás agus glaodhtar air, meacain na tá cabha. Bhaintear an croiceann de agus brúghtar é idir do dhá láimh cun ceiridhí do dhéanamh de. Cuirtear le cneadh é agus coiméadhtar igcoinnibh an cneadh é ar feadh cúpla lá. Geibhthear grúnlas deintear é do beiriú agus tugtar do beithíoc a bheadh bruinne dhearg aice. Cuirtear cúnlac igcoinnibh créacht cun an fuil do stopadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.