School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 856
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar a Gósta: Tá an tobar so i mBaile na Leacan. Deirtear gur chuir bean ó Baile na Leacan corcán uisge de uisge tobar a Gósta ag beiriú agus da mbheadh sé ag beiriú ar feadh dá lá ní bheadh sé beirighthe. Do thóg sí an corcán uisge go dí an tobar arís agus nuair a bhí sí ag caitheamh an t-uisge isteach do léim breac beag amac as an corcán isteach sa tobar.
Tobar Bhréanainn: Tá an tobar seo ar bhara Chnuic Bréanainn. Téigheann daoine ann gac bliadan ar an 29 ad' lá de Meitheamh deintear rounds mor thimcheall an tobair agus caithtear ceirt nó biorrán ar an bport atá in aice leis. Annsan óltar deoc as agus tumann gac einne a gcosa síos ann.
Tobar Fláinn: Tá an tobar so i dTaobh a' Cnuic. Téigheann daoine ann ag déanamh rounds ar an 29ad lá de Mheitheamh. Tá seacht nó ocht fothraca ann agus téigheann na daoine ag déanamh rounds mór thimcheall ortha agus caitheann gac duine cloc ar gac fothrach. Deirtear gur aistrígheadh an tobar síos aon oidhche amháin ós na fothracha síos go bun na fáille inaice na fairrge. Is amhlaidh a nígh bean éadaighe istig ann agus an oidhche(continues on next page)- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí