School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 184
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann am amháin agus bhí mac agus bean aige. Séamus Ua Frighil an t-ainm a bhí air fhéin, agus Pádraig a bhí ar a mhac. Bhíodh siad i gcomhnaidhe amuighe ag iascaireacht, agus bhí bean sidhe ag tarraingt ar an teach.

    (continued from previous page)
    isteach, agus é a chur faoi n-a cheann, agus go mbéadh brionglóid aige, agus go gcaithfeadh sé a dhul oidhche Nodlaig go dtí áit a mbéadh póta óir, agus d'iarr an bhean sidhe uirthi gan é a innse do dhuine ar bith acht do Shéamus. Nuair a tháinic Séamus isteach d'innis a bhean do goidé bhí le déanadh aige, agus nuair a bhí a shuiphéar deánta aige chuaidh sé amach agus thug sé isteach an tseamróg agus chuir sé faoi n-a cheann é, agus bhí an bhrionglóid aige. Acht d'innis bean Shéamuis do bean eile é. Bhí go maith is ní rabh go h-olc go dtáinic Oidhche Nodlag, nuair a d'imthigh Séamus agus a mhac go dtí an áit.
    Nuair a chuaidh siad fhad leis an áit bhí póta óir ann, acht cha rabh an bocsa a bhí leobhtha leis an t-airgead a iomchar ann mór go leor, agus d'iarr an t-athair ar a mhac a dhul 'un an bhaile agus mála a thabhairt leis. Chuaidh seisean 'un an baile agus thug leis an mála agus phill sé go dtí an áit araist. Nuair a tháinic sé fhad leis an áit cha rabh an t-atair le fághail, agus thoisigh ag caoineadh. Sa deireadh las sé cipín solais, agus chonnaic sé an t-atair i n-a luighe i bpoll, agus a cheann briste.
    Thug sé 'un an baile an corp agus cuir sé é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Pháidín
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Informant
    Seósamh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal