School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 173
  3. XML “An Gasúr a d'Fhág a Áit”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an choirnéal. Bhí fhios ag an ghasúr gur fear a toighe a bhí ann, agus smaointigh sé go rathadh sé isteach ar ais. Chuaidh sé isteach, agus chuir fear an toighe fáilte roimhe, agus chuir sé ceist ar ca ar ba fhios é. Dinnis sé dó, agus arsa fear a toighe leis cluiinim go bhfuil an óla dhubh agaimh shios ins an tír sin. Dubhairt seisean go rabh. Bhal arsa fear an toighe cá h-áit a bh-fuigeadh duine rud éiginteacht le h-ithe.
    Chuaidh an gasúr ar a ghlúine agus lig sé ar fhéin go rabh sé ag urnaighthe. Déirigh sé annsin, agus diarr sé (annsin) ar fhear an toighe amharc faoi an scála, agus go bh-fuigheadh sé gé rósta. Damharc an fhear, agus fuair sé an gé. Thug sé giota do'n ghasúr acht ní iosadh an bhean dubhairt sí gur leis an diobhal é. Nuair a bhi sé ithte aca chur fear an toighe ceist ar cá bhfuigheadh sé deoch anois. Chuaidh an gasúr ar a ghlúine arais, agus nuair a bhí sé tamall ar a ghlúine dubhairt sé leis an fhear go bhfuigheadh sé buidéal uisce beatha faoi an leabaigh. Dimthigh seisean, agus fuair sé an buidéal. Chuir sé ceist ar annsin an d-tiocfadh leis an diobal a thógáil dubhairt an gasúr go d-tiocfadh. Chuaidh an gasúr ar a ghlúine aríst, agus annsin diarr sé ar an fhear bata a fhághail do fhéin, agus bata dó san. Fuair an fear na bataí, agus diarr sé ar a thoiseacht ar an bhairrle a bhí sa choirnéal. Thosuigh an bheirt aca a bhualadh an bhairrle go d-tí gur imthigh sé na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Éadhmonn Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    49
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal