School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 152
  3. XML “Oisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul:
    Oisín
    A bhfad ó shoin bhí fear dár ainm Oisín i n-a chomhnaidh fa ghiota dén fhairrge a d-Tír na h-Óige. Bhí sé i n-a fhear mhaith agus lá amháin bhí sé amuigh le slat agus ruam a iasgaireacht i m-bád. Caidé a tharluigh sé breith ar an ghliomach mhór. Smaoinigh[?] sé i n-a intín fhein go mór an truaighe do an gliomach seo a mharbhath agus go n-deanadh seort ar bith éisg seisean.
    Leig sé amach an glumach aríst ins an uisce. Le sin bhual codladh mór é agus thuit sé i n-a chodhladh ins an bhád na bá é lá te Samhraidh a bhí ann. Nuair a mhusgail sé fuair sé cailín óg i n-a suidhe le na thaoibh ins an bhád. Dubhairt sí lei gurab í ise an t-iasg a chaith sé amhach tá tamaill beag ó shoin gur chuir a h-athair ise annseo le feiceal cé aca a bhí sé maith nó olc.
    Tcím anois go bhfuil tú nádara agus chur m-athair mise annseo le thú a phosadh má bá mhión leat é agus béidh muid beó go pléisiúrdha ar feadh míle bliadhain ar an taoibh eile de na tonna i d-Tír na h-Óige. Leis na focla seo thug Oisín leis rámha agus an cailín óg léithe rámha eile. Sheol siad leo go d-táinic siad a fhad leis an áit a rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Ní Chongail
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal