School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Sgéul (ar leanamhaint)Bhitheamhnaigh óig ar seisean agus sgairt an gasúr amach croidhe, sgamhain, agus cruadhae. Thug an fear basóg do. Bí do thost arsa seisean nó má labhrann tú mar sin níos mó mairbhfidh mé thú. Thosuigh an gasúr a chaoineadh. Dubhairt mo mháthair liom sin rádh arsa an gasúr. Is cuma liomsa caidé dubhairt do mháthair arsa an fear na léig damh na focla sin a chloisint as do bhéal níos mó. Is caidé déárfas mé anois arsa an gasúr. Abair, arsa an fear, gan iad theacht aníos a choidhche. Char bhfada go dtáinic sé go dtí áit a rabh fear agus bean ag ciobáil phreataí. Nuair a chualaidh siad an gasúr ag rádh gan iad a theacht aníos choidhche bhí siad cinnte gur ar na preataí a bhí sé ag trácht, agus léim an fear trasna an chlaidhe agus an spád leis in a láimh, is rith sé chuig an ghasúr Bhuail sé é gur fhág sé ag caoineadh é. Anois chá bhíonn tú ag mallachtaighe feasta ar mo chuid preataí. Is caidé ba choir damh a rádh?arsa an gasúr. Abair arsa an fear, ceann i mbliadhna agus céad ar an bhliadhain seo chugainn. Déarfaidh mé sin arsa an gasúr agus dimthigh sé leis ag rádh ceann i mbliadhna agus céad ar an bhliadhain seo chugainn(continues on next page)
- Collector
- Sighle Nic Fhionnghaile
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Fhionnghaile
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal