School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 145
  3. XML “Dilín na mBacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ormsa a deirfeadh nach rabh bainne ag ba seasga, teach sópach, sifíneach, suarach aici, an deór a ba chóir tuitim ag an doras i gceart lár an urláir, bhuailfinn buille de'n chliteóir, de'n bhliteóir, de'n sgafóg chrainn a bheadh ann mo láimh uirthí a bhainfeadh siubhal aistí, a chuirfeadh í ar lorg an ime bhuidhe atá gcúl a tighe a' gabháil do shúile ag iarraidh ithe.
    Éirigh suas agus nar cruadhaighidh an diabhal nó an doras do chroidhe, nar dtugaighidh sé uait fear a' tighe mar thug an préachán an t-éan fadó ó'n chirc bhuidhe, cuir chugam beagan de'n bheagan, mórán de'n mhórán, tachta na muice móire, de'n ghruth bhuidhe, deagh-mheadar leamhnachta, urchar spóil de ucht na caorach, ribe Muire de'n olann, fad duine de'n tobaca agus ma rinne mise dearmad, tabhair fhéin leat é.
    Cailín a bhí ann fad ó shoin a dtug mise searc agus síor-ghrádh dí- mar bhí mí-fhortún ormsa. Lean mise dithe go h-íseal agus go h-árd, fríd bhailte beaga agus bhailte móra, go Canada agus go Granárd, go tobar beannuigh Bhríghde, go tigh Philib an Chaibín cham, go Connachta na gcaorach, go Cranóg, go teach an dorais i Muileann Ceárr agus ó sin go Cruach Phádraig. Bhí deireadh mo chuid costais raithte annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. the beggars' litany (~23)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Brighid Nic a' Seachlainn
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal