School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 431
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Ár dTiarna agus a mháthair ag siúl ar an mbóthar lá. Bhí fear bocht ag teacht ina gcoinne agus d'iarr sé dhéirc ar Ár dTiarna. Chuir Ár dTiarna a lámh ina phóca agus thug sé scilling don fear bocht. Bhíodar ag siúl leo agus chonaiceadar fear bocht eile ag teacht agus d'iarr sé deirc ar Ár dTiarna. Níor thug sé ach pingin don fear sin. D'fhiafraigh an Maighdean Mhuire de dé chúis a thug sé scilling don fear láidir ach níor thug sé ach pingin don bhfear eile a bhí lag. Labhair Ár dTiarna agus arsa sé "An chéad tigh ósta a chífidh an fear a thug mé an scilling dó ólfaidh sé an t-airgead go léir agus beidh sé ag guí chun Dé scilling eile d'fháil, ach an fear bocht lag nár thug mé ach pingin dó beidh sé déanamh Dia agus duine dhe". Chuaidh Ár dTiarna agus a mháthair isteach go tigh feirmeora chun lóistín a fháil don oíche. Ní thabharfadh bean an tigh dóibh é ach bhí fear an tigh ana-shásta é a thabhairt dóibh. Nuair a bhí Ár dTiarna agus a mháthair ag imeacht ar maidin labhair Ár dTiarna agus arsa sé "Fear caoin bean bhorba chuir Íosa Chríost ag luí sa cholg".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.