School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 425

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 425

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 425
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhéanfadh sé agus do dhein an bhean cáca dó. Dúirt sí leis gan aon phíosa a thógaint den cáca go dtí go raghaidh sé abhaile agus thug sí píosaí eile dó le n-ithe ar an mbóthar. D'imigh an fear leis agus tar éis tamaill bhuail peidléir leis agus do bhí an beirt acu ag siúl leo. Sa deire arsa an peidléir "Tá cóngar an-mhaith ag dul tríd an gcoill agus tichfaimíd amach ar an mbóthar mór thuas".
    "Déan mhaith domsa" arsa an fear " bheith ag obair bliain mar a dtógfaidh mé an comhairle do fuair mé". Do chuaidh sé timpeall an bhóthar agus tamaill beag ina dhiaidh sin d'airigh sé fothram istigh sa choill mar do bhí daoine istigh ann agus bhíodar tar éis an peidléir a marú.
    "Is maith liom gur thóg mé an chomhairle sin" arsa an fear leis féin ag imeacht leis. Níorbh fhada go dtí gur tháinigh sé go dtí tigh agus chuaidh sé isteach.
    Do bhí sean-duine shuas sa chúinne gairid don tine agus cailín óg ag obair timpeall. Níor bhfada pé scéal é go bhfuair an fear amach go raibh an sean-duine agus an cailín óg pósta le chéile. Nuair a bhí a suipéar ithe aige tháinigh sé den stól ara raibh sé ins shuí agus do chuaidh sé amach. Do bhí cruach móna amuigh taobh thiar den dtigh agus do dhein sé poll mór isteach ann. Do chuaidh sé a codladh ansan ach i lár na h-oíche do dhúisigh fothram éigin é. D'fhéach sé amach agus do chonaic sé an-chuid fear ag dul isteach sa tigh agus tar éis tamaill do thángadar amach agus an sean-duine á bhreith leo agus do bhí sé marbh agus dá mbeadh an fear eile ann do bheadh sé sin marbh leis.
    "Is maith gur thóg mé an comhairle sin" arsa sé leis féin. Do d'imigh sé leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Treó
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    Grange, Co. Waterford