School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 420
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal - Piseog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dochtúir bhí sé ina deidheanach agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chonaic sé daoine astig sa pháirc ag imirt peile.
Chuaidh sé isteach ach ní raibh aoinne ann. Tháinigh sé amach agus chuaidh sé abhaile agus chuaidh sé síos sa seomra. Nuair a chuaidh sé síos bhí an bhean tar éis bháis. - Bhí feirmeoir ann fadó agus ní bhfuigheadh sé aon im a dhéanamh mar do bhíodh duine éigin á thógaint chun siúl uaidh.
Chuaidh sé amach oíche Bealtaine agus do chonaic sé an giorraí ag rith timpeall na mba. Rith sé isteach agus thóg sé amach an péire coin a bhí aige.
Lean na coin an giorraí agus díeach nuair a bhí sé ag dul isteach an fhuinneóg bheir an chú ar a chos agus bhí sé ag tabhairt fola.
Chuidh an feirmeoir isteach agus bhí an bhean caite istigh ar an leaba agus a chos ag tabhairt fola. Ba í sin an bhean a bhíodh ag tógaint an ime uaidh agus d'iompaigh sí í féin isteach in giorraí.- Collector
- Mairighéadh Paor
- Gender
- Female
- Address
- Grange, Co. Waterford
- Informant
- Pádraig Paor
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Grange, Co. Waterford