School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 348

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 348

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 348
  3. XML “An Nollaig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Má tá aon duine muinnteardha leat imithghe go Sasana no Ameiriceá nó áit ar bith imighthe ó bhaile, cuireann a mhuinntir gé nó cáca milis nó rud eicint mar pronntanas agus cárta Nodlag chuca. Cuireann an duine imighthe cárda agus airgead nó pronnthanas eile chucu san.
    Nuair a thagann oidhche Nodlag tosuigheann bean-an-tighe ag deanamh cácaí milis, agus ag réidhtiú gé nó franncach i gcóir an dinnéir lá'r na bhárach. Is iondamhail go dtéigeann na comharsanna isteach ag a chéile an oidhche sin agus bíonn buidéal uisge beatha acú agus ólann siad a sláinte. Nuair a bhíonn siad ag ól deireann siad, 'go bhfágaidh Dia slán sabhailte muid lé bheith ag ól sláinte i gcuidheachta a chéile bliadhan ó 'nocht.
    Nuair a théigheann na páistí óga a chodladh deineann an mathair suas beart nó stoca Nodlag dóibh agus cuireann sí ubhla agus óráistí 'na stocaí chomh maith. Nuair a bhíonn na páistí ag dul a chodladh crochann siad suas a stocaí os comhair an tsimné mar ceideann siad go dtagann 'Deadaí na Nodlag' anuas an tsimné agus go bhfágann sé féirínní acú.
    Nuair a n-éirigheann siad ar maidin sé an chéad rud a dheineann siad ná féachaint ins na stocaí go bhfeicfeadh siad céard a d'fág 'Deadaí na Nodlag' acú. An lá roimh oidhche Nodlag teigheann gach duine chuig faoistinn agus lá Nodlag glacann gach duine Comaoin Naomhtha.
    Bíonn gach duine ag fanacht ar fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Cinnéidigh
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo
    Informant
    Áine Bean Uí Cinnéidigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo