School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Location:
An Cheathrú Rua, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Nualláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0073, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Page 153
  3. XML “An Bradán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Breac beag é an bradán agus is iomdha sgéal a tá tughtha síos faoí. Ainm eile a thugtar air bradán Caoch i Easa Ruadh. Seo é an fáth a tugadh an t-ainm seo air. Tráthnóna amháin bhí fear siubhail ag imteacht thré choill. Ní raibh sé i bhfad amuigh nuair a tosuigh sioc agus sneachta. Deirigh gaoth agus gála. Beígin dhó fanacht san gcoill an oidhche sin. Ar maidin lá ar na amháireach chúala sé cainnt ó's a chinn (?) agus ceard a bhí ann acht iolar agus éan eile. A Bhuachaill a deir an t-iolar an cuimhneach leat leithidhe na h-oidhche areir. Ní cuimhneach a deir an buachaill. Tá daoine lé na cuimhnuighadh a deir an t-iolar. Cé h-iad a deir an Búachaill? Gabha dubh na ceárdchan a deir an t-iolar. Rachaidh go dtí é a deir an Buachaill. Dimthigh roimhe. Ní furasta innseacht an t-anró a fuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraig Ó Cúaláin
    Gender
    Male