School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le dreidire atá déanta ar nós béal sáibh agus timceall feadh go leith ar dóimhneacht d'eangaigh is mó thógtar íad. Is ins an ngraineamh garbh agus in-aice an fhíor-uisge is mó faightear íad, Se an dreidire a chartas amach as an ngaineamh íad agus an líon nón eanthaig dhá ngabhadh. T'réis go bhfuil a chuid bídh an-deas le n-íthe ní mórán aca thógtar sa taobh tíre seó mar níl an deis cóireamhail aca le n-aghaidh.
- Tá an iosamhlacht ag an gcluasín leis an muirín. Tá an chluaisín níos lúgha agus an sliogán atá air níos díríghe, sin é an chaoí a naithníghtear é thar an muirín. Is a bhfastóbh ar clocha a sáightear an chluaisín. Níl an chluaisín le fághail chomh fairsing leis an muirnín. Ní breac é an chuaisín a bhfuil mórán tóir air anois, mar níl eolas ceart ag na daoine air le aire a thabhairt dhó. Deirtear go mbíonn an chluaisín ag tabhairt uaidh ó thugtar as an bhfairrge é. Níl air an gcluaisín acht aon chluais amháin, agus sin é fát a dtugtar an tainm air. Sé an chaoi a mbruithtear sa téine é agus bíonn sé an deas le nithe. Sé an tám céadhna a shíolruígheas an chluaisín agus an teistire. Sa ngaineamh agus faoi chlocha a faightear é(continues on next page)
- Informant
- Mairtín Ó Fionntáin
- Gender
- Male