School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 312
  3. XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó roimhe seo ní fheicfeá duine ar bith ag caitheamh bróg. D'imtheóchadh gach duine idir sean agus óg cosnochtuithe. Bhí fear in Dubh-Thuama uair amháin agus nuair a tháinig a inghean abhaile as Ameiriocá thug sí péidhre bróg léi go dtí é. Nuair a chonnaic sé iad séard dubhairt sé, 'ó a dhiabhail ní chuirfinn mo chosa isteach ionnta sin ar an méid dá bhfaca mé ariamh.'
    Taréis sin bhí na bróga ag dul tré Dubh-Thuama agus gach duine ag baint corr astú. Annsin nuair a thosnuigh na daoine ag caitheamh bróga agus nuair a bhéadh siad ag teacht ar Aifreann ní chuirfeadh siad na bróga orthú go dtí go dtiocfadh siad ingar don áit.
    Lá eile bhí fear ag teacht go dtí an t-Aifreann agus bhí a bhróga ar a bhaclainn aige. Bhuail sé a chos in-aghaidh na cloiche agus dubhairt sé, 'is maith an rud nach bhfuil mo bhróga nua orm nó bhéadh siad millte agam'?
    Pisreóga
    1. An chéad lá a chaitheann tú péidhre bróg nua
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Scanaill
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Scanaill
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo