School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 043
  3. XML “Longbhriseadh”
  4. XML “Donchadha Ciotach Ó Móráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin droch chómhra. Núair a bhíonn an síghle roga ag glúaiseacht i dtreóir siar, deagh cómhra é sin, ach má bheidh sé ag dul thíar beidh fliuchras mór agus báisteac trom againn ar feadh i bhfad. Is minic, minic a bíonn na feirmeóirí ag cnámhseail mar gheall ar an aimsear ac "Mara mbeidh sé tirim, fliuc is fearr é
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fear láthmhar, láidir, tréan óg dob eadh an fear seo do mhair i gCappamhóir ós cíonn céad bliadhan ó shoin anois. Gaiscidheach dob eadh é ní raibh aon fhear eile ar fuaid na dúthaighe seo dféadfadh seasamh na choinne in aon sórt lúth-cleas. Lá go raibh Donchadha ag dul go Corcaigh le h-úalach ime agus é ag déanamh ó dheas cun Mághcroma do cuala sé bean ag scréachaigh agus ag béicigh go h-árd. Stad sé a chapall do léim sé anuas don ualach agus cuaidh fé na déin. Nuair tháinig sé i láthair cad a bhí ann ach scaoinse d'fir mhóir laídir agus greim aige ar mhaighdean aluinn óg, le h-aigne droch úsáid éigin do thabhairt uirthi.
    "Bog di a bhitheamhnaigh" arsa Doncadha,
    "Ní dhéanfad a bhodhaire" arsan fear eile agus do bhagair sé a bhata le Donchadha,
    "Mara dheánfair" arsa Donchadha "Tóg" agus do bhain sé fothrom as plaosg an fhir leis an gceád
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Pártolán Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Kells, Co. Kerry