Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 069
- XML “An Doineann”
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le plátaí ar an spéir shoir. Gaoth ana mhór a beadh é sin, tímcheall deich mblíadhna is dachad nó níos mó ó shoin, acht is dóigh liom na raibh sé chómh h-olc le oidhche na gála móire.
"Is olc an ghaoth ná séideann go maith ar duine éigin" - Tá abha mhór ag rith ó barra na Ródaibh go dtí an fhairrge. Is tugtar abha na Rodaibh air. Úair amháin tímcheall 1846 tháinig stoirm talmhan is amhlaidh d'eirigh an t-uische go h-árd san abhainn is do rith sé tímcheall an bhaile is bhí na páircheanna is na bhóithre chlúdaidhthe. Do dhein sí, sé cumaracha is do sciob sí cocaí féir; is stáchaí coirce is níor fhág sí chrann ag fás. D'fhan se ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Is núair stad sé bhí lacháin ins na paircheanna. Is d'fhan poill móra ann is do loit sé an áit ar fad. Sin é an fáth go bhfuil na claiseanna go leír 'sna Róduibh. Tá áit ann ar a tugtar an Chlais. Taréis mhí nó mar sin d'eirigh sé go h-árd is bhí an talamh chlúdaidthe is do báthadh na h-ainmidthe go léir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Roads, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Éibhlín Bean Uí Churráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Roads, Co. Kerry