Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bíonn stoirm ann, téighean an gaoth síar agus nuair a thagann an droich aimsear deineann sé mór cuid díoghbhála go mór mhór san ngéimhreadh nuair a bhíonn gála mór in aoinfeacht leis. Leagann sé an féar ar na feirmeóirí bochta. Caitheann na feirmeóirí a gcuid ainmidhthe a coiméad istig, mar dá bfanaidís amuig geobhaidhis síad bás leis an bhfuacht. Deineann sé díoghbháil do gach aoinne fiú amháin na longa amuigh san bhfarraige, briseann sé íad is bíonn píosaí díobh caithte annso is annsúd. Úaireannta eile leagann sé na cranna is láidre san choill is bíonn síad treasna an bóthair roimh na glúaisteáin is na daoine. Bíonn droich-aimsear annso in Eirinn, ach bíonn sé ibhfad níos measa tímceall na mola thúaidh. Nuair a thagann an deagh aimsir ní fhanann sé abhfad ach ní mar sin leis an droich aimsear nuair a thagann sé fanann sé tamall mhaith, agus bíonn gach nídh ullamh ag gach aoinne i gcóir an droich aimsir.
- Tagann cómhairí áirithe a cuireann i n-úil dúinn go mbíonn droch aimsear nó aimsear bhreagh ag teacht. Níl fhios ag na daoine óga in aon chor íad san acht tá alán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí