Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 102
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(-)
- Ba iongantach an méid míle a siúbhalach na dáoine fadó. Bhí bean ann fadó dár'b ainm Máire Ní Móráin. Tá na fothraca 'na seasamh fós an tig a bhí sí na comhnaídhe. Tá sé in-aice mo thigh-se súas fé'n gcnoch ar a dtugtar Túirín. Tá gáol éigin agam leí. Do shiubhal sí go Corcaig le ciseán uibhe, sin tímcheall seachtmadh míle, agus a fear leí le feircín ime. Bhí fear ann dár'b ainm Padraig Brútanach (?) (Burton) agus d'eirigh sé i lár na h-oidhche a's do chuir sé dhá chulaithe air agus do siubhal sé go Corcaig fé dhéin na luinge a bhíonn ag dul go h-America agus bhí tig breagh aige ann agus saidhbhreachas. Bhí fear ó'n Dromod dár'bh ainm Mícheal O Súilleabháin agus do siúbhal sé go dtí an Daingin (Daingean) in aon lá amhaín. Do thosnuig sé Dé Domhnaig núair a bhí na daóine ag dul ar Aifreann agus bhí sé fillte abhaile ar a dó deug a chlog taréis moill mór a dheanamh san cathair agus bhí an bóthair a chúaidh sé ná bulach Oísín. (bealach Oísín). Bhí fear ó Dairbhre agus do bhain sé béile prátaí ar maidin agus do chúaidh sé go Corcaig agus do thaínig sé abhaile aris an tratnóna ceúdhna agus do bhain sé béile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceal Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí