Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán bóithre 'san gceanntar; an bóthar pobail an bóthar is mó. Do dheineadh é nuair a bhí an bóthar iarainn ar siubhal sin tímhceall caogadh bliadhain ó shoin. Gráinne mine a gheobhaidís mar págh. Tá sé ag rith ó Chathair Saidhbhín go Cill Orglan, soir síar a ghabhann sé. Do dheineadh an bóthar íarainn san am céadna. Bíodh alán oibre aca an úair sin. Sasanac a bhí ós a cionn dárbh ainm "Silver Thorn". Fear breágh dob eadh é, bhí sé cloc is fiche ar meadhacaint agus bhí a bhean fiche cloch. Ní rabhadar árd in aon cor acht bhíodar leathan. Nuair a cífeá íad san gcairt d'éarfá (?) go mbriseadh síád é.
    Bóthar Sagart ag dul go dtí an Gleann. Bíonn daoine ag tarraig móna ann. Bóthar Bán casán bán san gcnoc déanta as gairbheal. Bóthar Cnoc, casán ag dul ó's na Ródaibh go dtí CANÓN NA CROISE (Crois Chanonach) agus go dtí an cathair. Bóthar Árd slíghe gearaidh go dtí an séipeál. Sean Bóthar atá déanta le cúpla céad bliain.
    Tá bóthar ins na cnocaibh Bealac Óisín an bóthar a cuaidh Oisín nuair a bhí sé ag dul go Tír na n-Óg. Tá bóthar ar a dtugtar Beárna Gaoithe ar an bóthar is aoirde i gCiarraídhe; tá béarna ann leis ar barr an cnuic ag dul ó Gleann Beithe go Gleann Cárthaig mo dhúthaig dúthchais. An "Devil's Elbow" bóthar ag dul ó Cill Orglan go Gleann Cárthaig lúb gairid atá ar an mbóthar ní friste dul ann bóthar ag dul ó Cnoc Bán go Corcaig treasna an chnuic. Is ann a theigeadh na daoine fadó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Mórán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí