School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 004
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach sna Rádaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. CISTÍ ÓIR I bhFOLACH 'SNA RÓDAIBH
    Tá gleann uaigneach beag imeasc na gcnoc i Ródaibh thíar. Lán de fraoig árd iseadh é agus gan dobht deirtear go bhfuil ciste i bhfolach ann. Ciste óir iseadh é a chuir na Fianna ann in allódh. Cé go bhfuil sé ann le fad é an lá ní bhfuair aoinne ríamh é agus ní cuaidh ach fear amháin ag cuardach cun é d'fhághail.
    Seo mar thárlaidh sé. Lá breágh Samhraidh agus teas ó'n ngréin bhí Fionn Mac Cumhall agus a chuid compánach ag réabadh imeasc na gcnoc ag lorg cloch cun saghas claidhe a dhéanamh. Bhí ór, airgead, agus rudaí lúacmhara eile aca. Fé dheire thíar thall chúaladar go raibh cath millteach, fíochmhar i bhFionntrágh. Léimadar as an áit na rabhadar agus d'fhan duine aca dárb' ainm Taistealach Tráenmhar ins an ngleann agus cuir sé an ciste i bhfolach i n-áit éigin san ngleann. Annsan as go bráth leis tré bágh an Daingin agus deirtear ná raibh ach an t-uisce go glúinibh aige. Srois sé áit na raibh an cath i bhFionntrágha sar i bhfad agus is ar an dtráig ar bhrúach na taoide do troideadh é. Marbhuigeadh Taistealach féin sa chath agus nuair a bhí sé sínte ar an dtráig agus a bheathadh ag sleamhnughadh uaidh ghlaodh sé go Fionn.
    "A chara" ar seisean agus a guth ag lagúghadh "táim anois go faon, ar breachadh an lae beidh sibh-se gleasta cun an tráig úaigneach seo d'fhágaint ach mo leán is annso bheam sínte fúar ar imeall bhórd na taoide. Tá na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Díarmuid Ó Loinghsigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kells, Co. Kerry