Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán áiteanna mór thímceall na h-áite seo agus do baisteadh ainmneacha greanmhara orra, seo cuid díobh:-
    Garraídhe Bhóthar - Tugar an ainm sin ar an páirc mar tá sí inaice an bhóthair; Páircín Pludaig ar páirc atá ana fliuc; Garraídhe Íoctarach ar páirc atá thíos cois farraige; Páirc na h-Iomaraí ar páirc a bhí i gcómhnaídhe curtha fé barraí. Páirc na h-Onac (Eoín) mar tá sé inaice le liosacán; Páirc na gCipíní mar tá sé lán de fraoig.
    Carraig na n-Ean: sin carraig atá amuig san bhfarraige mar is anáirde ar san a bhíonn na faoileáin agus is minic a théigheann na báid amac cun na u-uibhe d'fághail. Bollán Bréanann (Brainen) tugtar an ainm sin ar an gcarrig mar Bréanann a bhí na gcómhnaídhe i dtaobh istig de'n charraig sin. Leac a' Chaisleán mar tá an gcarraig cruinn ár nós caisleáin agus cré iseadh leath di agus cloc an leath eile. Carraig Líath mar tá dath líath air. Carraig na bPréacán mar bíonn na préacáin liath ann agus is ann atá na neadacha aca.
    Cuas Taidhghín Laighdhín: bhí fear ins na Cealla fadó agus Taidhghín Laighdhín a ainm. Bhí mac amháin aige agus fuair a bhean bás. Fear cruaidh ab'eadh é agus lá amhain do thóg sé a mhac leis agus do chaith sé é leis an bfaill agus bhí an fuill ar na clocha agus glaodhthar Cuas Taidhghín Laidhghín air ó shoin i leith. Cuas an Adhmaid: glaodhtar an ainm sin air mar do thagadh adhmad isteach ann go minic leis an bfarraige. Cúas a' Teampuill: is amhalidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Kells, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Bríd Ní Muirceartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Mhuirceartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry