School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 067
  3. XML “Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí nós ag muinntir Cúanana teact go dthí sna Ródaibh cun íascaireacht a dhénamh mar bhí bancanna ar aghaidh bun-fothraig amach. Lá amháin bhí fear agus a beirt mhac ag íascaireacht. Lá breágh ciuin dob eadh é, is an fhairrge go mín réidh. Tugtaí "Báns" (?) mar leas-ainm ortha, d'fágadar an gob is bhíodar ag dul abhaile is íad ag rámhaideacht go mear. Acht nuair a shroiseadar Carraig na n-Éan tosnuigheadar ag íascaireacht gur sroiseadar sagart, thosnuigheadar ag rámhaideact arís. Tá carraig mhór i lár na trágha is bíonn sé clúduighthe nuair bíonn sé na barra taoide. Mo bhrón ní raibh an carraig le feiscint is do chuaidh an bád slán suas ar an gcarraig is thuiteadar isteach san bfairrge. Beir an fear aosta greim ar toct an bháid is cuaidh sé amach san bfairrge. Connaic fear ó Slíabh Each é is cuaidh sé féin is fear eile amach is bheireadar slán é. Sin é an fáth gur báthad an triúr eile mar cuaidh an dubhán is an duruidhe in-achrann ortha is ní feadaidís snámh a déanamh is báthadh íad. Lá eile bhí Díarmuid Ó Súilleabhain is mo sean-athair ag íascaireacht. Do connachadar an rud mór ag imteacht leis an sruth. Is ceapadar gur ainmhídhe mór é nó píosa amhuid. Nuair thánadar suas leis cad a bhí ann ac fear marbh is thugadar isteach é go "bhFaill I." (Foyle Eye) Ríamh ó shoin glaodtar "Bolán Bán" ar an gcarraig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Roads, Co. Kerry
    Informant
    Éibhlin Bean Uí Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Roads, Co. Kerry