School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 064
  3. XML “Dóiteán”
  4. XML “Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear eile a bhí ann, agus bhí beirt gárthalaigh aige agus bhíodar ag lasadh píosaí páipéirí mar toitíní acha, agus chúadar amach san iothlainn is dhóghadar coca mór féir is stáca choirce
    ba mhór an chailleamhaint é sin acht níor fhéadeadar an teine do chuir in éag. Do dheineadar "fund" súas agus ceannuigheadh cúpla mála choirce do'n bhfear mbocht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí triúr fear ann úair eile agus chúadar go Daingean acht núair a bhíodar ag teacht abhaile ó Chathair Daingin cúadar ar seachrán agus bhíodar ar meisge agus bhí an oidhche go h-an dorcha. Dubhairt ceann acha go raibh sé ag dul go Ross Bheithe, ceann eile acha ag dul go Dairbhre agus dúbhairt an triomadh duine go raibh sé ag dul abhaile. Cad a dheineadar i gan fhios dóibh féin, acht d'íompuigheadar an bád síar agus ó'n dtaobh thúaidh de'n Daingean a thánadar i dtalamh. Bhíodhar ann ar feadh seachtmaine. Do cheap a muinntir fhéin go rabhadar mharbh, agus do fúaireadar na rudaí cun tórramh a bheith acha agus lá ámháin nuair a bhí na neithe ceannuighthe acha do chonnaic duine eígin aca an bád ag teacht isteach chúcha agus cé bhí ann acht an triúr, (-) go deimhin bhí áthas an domhain orra sa bhaile, núair a bhíodar slán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomas Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Míceal Ó Móráin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Roads, Co. Kerry