Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhídís ag dul go Cathair Saidhbhín. Fadó cuaidh beirt fhear go Cathair Saidhbhín síar tré Sagart is cuaidh beirt eile síar thar Casán Bán is thosnuigeadar le céile ar siubhal. Do cuir an beirt a cuaidh tré Casán Bán geall go mbeidís i gCathair Saidhbhín roimh an beirt eile a cuaidh thar Sagart acht bhíodar cotarm le cheile i gCathair Saidhbhín.
- Táim im cómhnaidhe ins na Cealla. Sí an fáth go dtugtar an ainm sin air mar tá cill ann. Reilg beag na cuirtear na leanbhaí (Kells) i mbéarla mar tá "cells" ann. Tá trágh beag ins na Cealla in a mbíonn na daoine ag snámh san tSamhradh agus faigtear íasg ann leis. Faillmór iseadh an paróiste na cómhnuigheam agus Uibh Ráthaig an bharúntacht. Cathair Saidhbhín ár gcathair deich míle ó'n dúthaigh. Bhí bean ann darbh ainm Siabh na cómhnaidhe ann fadó. Is féidir Corcgaidhne d'feiscint óm tigh agus an Cathair. Tá bágh Daingin cómhargac dom. Radharc bhreágh é. Tá Loc na gCeall inaice liom agus Gleann Dá Lac leis. Tá alán gaol agam in America le fada ó aimsear an Gorta agus beagán díobh is Sasana agus san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Roads, Co. Kerry