School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 073
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba greanmhar na scoileanna a bhí ann roimh na Scoileanna Náisiúnta a chur Dómhnall Ó Connaill ar bun san bliadhain 1838. Bhí na Péin Dlighthe i bhfeidhm agus níor leog na Sasanaig aon foghluim bheith san tír; dá bhríg sin do bhíodh máighistir ag dul ó áit go h-áit ag múineadh na geafairí. Scoileanna Scairte a tugtar ortha mar fén scairt agus fán tor a bhíodh an rang scoláirí. Fén aér fholáin, breágh, úr, a bhíodh an fhoghluim. Bhí ceann aca shoir i Gortafúara comhngaracht don scoil nua agus dob é an Casúrach (Ó Suilleabhain) a bhí mar mhaighistir ortha. Bhí ceann aca i gCeapach Mór ar an gcrois agus ceann eile i Ré Chaisleach. Tá sé ráidhte go raibh ceann aca ins na Ródaibh ó thuaidh ó Cúan Cúilín in aice thíghe Hanfinn. Botháinín dob eadh é déanta as clocha agus é clúdaighthe le díon. Tá rían na scoile ann fós agus cuid den fothrach na sheasamh fós. Donnchadh Geanncach (Muinntear Currain) darbh ainm don mháighistir ó Cuanana a tháinig sé, agus anois cun na Ródaibh leis. Caithfeadh na scoláirí piginn gach seachtmhaine a thabhairt don mháighistir. Níl aon deallraimh leis anois faigheann na múinnteóirí págh ón govenéir, tá sé saor anois dul ar scoil. Dob é an fáth go raibh na scoiláirí ag thabairt an t-airgead don mhúinnteóir ná cun é do bheathúghadh. D'fagadh sé teas is fothain ó na cómhairsain agus biadh leis. Tá(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry