School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 042

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 042

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 042
  3. XML “Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aimsear breágh bog a bhíonn againn in Éirinn agus ní bhíonn sé ró fhúar ná ró the aon tráth de'n blíadhain act mar sin féin bíonn mórán fearthaine san tír seo acht ní'l aon áit ann ná bhíonn a dóthain bháistige ann. An ghaoth aníar andheas is coithchíanta a bhíonn againn gaoth ciúin deas iseadh é, acht tagann an báisteach thais leis agus é is gnáthaíghe a bhíonn againn. Ní bíonn an teas san tSamhradh in ár dtír agus a bhíonn i dtíortha eile agus in dhiaidh ní bíonn an fhuacht mór agus an sneachta againn san geimhridh agus a bíonn i dtíortha eile. Is é an báisteach fé ndear go mbíonn na bánta féaracha ann. Is mó cómhraí a bhíonn ann roimh an aimsear is mó rudaí a bhíonn i d'tuar is i d'tarraingre ráidhti ag na sean daoine agus táid ana chliste ar an aimsear agus saghas fáig iseadh íad. Núair a cídhfhir an ghrían ag dul fé deallramhach le líathróide deirge ní h-aon baoghal ná go mbeidh an lá na mháireach go breágh agus ní h-aon dabhat ná go mbeidh tamaill fada de aimsear bhreágh againn. Tá alán phiseóg ann ag na seandaoine i dtaobh Lá Switin agus deirtear má bheidh an lá sin fliuch go mbeidh dachad lá agus dachad oidhche fliuch tar éis sin agus is olc an scéal é agus is minic go mbíonn sé fíor, agus má bheidh an cat in aice na teine agus a tóin istig leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Mícheal Ó Moráin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Roads, Co. Kerry